← Chaitheadar an lá ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine agus ar a gcasadh dóibh abhaile d'iompaigh siad siar féachaint an raibh Oisín ina ndiaidh. 🔊✎
← Bhí siúl maith acu á dhéanamh agus dá fheabhas é an siúl a bhí acu ní rabhadar ag imeacht aon ní ón bhFairceallach. 🔊✎
← Bhí sé ag coimeád leo i gcónaí; faoi mar a bhídís ar an ardán, bhíodh an Fairceallach san ísleán, agus nuair a bhídís san ísleán bhíodh an Fairceallach san ardán. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus shuigh sé síos sa chúinne. 🔊✎
← An lá dár gcionn d'imíodar rompu ar an slí chéanna agus an Fairceallach ina ndiaidh arís mar a bhí sé an lá roimhe sin. 🔊✎
← Bhí an Fairceallach rompu amach ag taispeáint an bhóthair dóibh. 🔊✎
← Leanadar é go díreach agus bhí sé chomh fada rompu an lá sin is a bhí sé ina ndiaidh an chuid eile den bhliain. 🔊✎
← Agus iad ag teacht go dtí an doras, bhí bean óg agus a droim le hursain an dorais aici. 🔊✎
← Bhí cos léi trasna ar an gcos eile agus gan aon bhróg uirthi - í cos-lomnochtaithe. 🔊✎
← Bhí cúl breá gruaige uirthi ar dhath an óir síos go caol a droma. 🔊✎
← Ní raibh aon fhear sa bhFéinn nár thit i ngrá léi ar an bpointe baise. 🔊✎
← Nuair a ghabhadh an fear críonna isteach deireadh sé "Is trua nach liom tú." 🔊✎
← Nuair a ghabhadh an fear óg thairistí: "Is trua nach liom tú!" 🔊
← B'shin é an focal a bhí aici i gcónaí go dtí gur ghabh an duine deireanach isteach. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach ansin agus chuir sé bia agus deoch ar na boird d'Fhionn agus do na Fianna. 🔊✎
← Nuair a bhí sé sin déanta ag an bhFairceallach ghabh sé amach go dtí an doras ag caint leis an mbean óg. 🔊✎
← Nuair a bhí a raibh ar na boird ite agus ólta acu, tháinig siad anuas agus shíneadar san áit chéanna ar imeall na tine le hais an tseanduine. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus ní fhaca sé greim bia ná dí ar aon bhord. 🔊✎
← "A Fhinn Mhic Chumhaill, an amhlaidh a d'ithibhear an bia a chuireas chugaibh?" 🔊✎
← Níor thug Fionn aon fhreagra air toisc gur lig siad an bia leis na gadhair. 🔊✎
← Líon sé arís na boird le bia is le deoch agus d'iompaigh sé arís ag caint leis an mbean óg. 🔊✎
← Ritheadar tríothu síos agus an taobh eile aníos. 🔊✎
← Níor fhág siad aon ghreim bia ná dí orthu gan slogadh agus siúd chun na tine arís iad i dteannta an tseanduine agus ní aithneodh éinne orthu ar chuir siad aon ní ina mboilg. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach arís don tarna huair agus ní raibh aon ní ar aon bhord ag Fianna Éireann roimhe. 🔊✎
← D'fhiafraigh sé d'Fhionn arís arbh amhlaidh a d'itheadar an bia nó arbh iad na gadhair a thug uatha arís é. 🔊✎
← Labhair an Fairceallach leis an seanduine. 🔊✎
← Thóg an seanduine a cheann agus d'fhéach sé ar na gadhair lena dhá shúil agus mharaigh sé iad. 🔊✎
← Líonadh na boird arís ansin an tríú huair. 🔊✎
← D'fhiafraigh sé de: "cé hí an bhean óg, í siúd a bhí ag an ndoras nuair a ghabhamar isteach go ndeireadh an duine críonna léi: "is trua nach liom tú", agus gurb é an freagra a thugadh sí air ná `nuair a bhíos agat níor choimeád tú mé?' 🔊
← "Sin í an óige", arsa an Fairceallach, "agus d'inis sí an ceart duit, mar nuair a bhí sí agat," a dúirt sé, "lig tú uait í agus tá tú críonna, caite, claoite anois." 🔊✎
← Seo é a deireadh sí leis an bhfear óg: "Táim agat anois agus coinnigh mé!" 🔊
← Sin í an Óige agus nár inis sí an fhírinne? 🔊✎
← "Inis dom anois", arsa Fionn, "cé hé an seanduine liath a bhí sa chúinne nuair a dúirt tú leis smacht a chur ar na sé ghadhar, gur fhéach sé lena dá súil orthu agus gur mharaigh sé iad?" 🔊✎
← "Sin é an Bás," arsa an Fairceallach. 🔊✎
← "Agus inis dom anois," arsa Fionn, "cén saghas iad na sé ghadhar a d'ith ar cuireadh ar na boird, an dá uair, de bhia is de dheoch, agus nach n-aithneodh éinne orthu gur ith siad aon ghreim?" 🔊✎
← "Á... sin iad an Airc, nó an tSaint" arsa an Fairceallach. 🔊
← Tá an scéal seo bunaithe ar scéal 53 as Leabhar Sheáin Uí Chonaill, le Séamas Ó Duilearga (Browne and Nolan, Ltd. 1964), agus é cóirithe do thionscadal ABAIR.ie 🔊